Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Peigí Ní Mhuimhneacháin, Carraig. Aois – Dhá bhliain déag
9-3-’38
Béaloideas – Scéal
Bhí bean ann fadó agus bhí mórán bó aici. Gach seachtain do dheineadh sí cuigeann agus nuair a bhíodh sí á dhéanamh thagadh seanbhean isteach agus théadh sí suas chun na tine agus thógadh sí sméaróid as ’na haprún agus d’imíodh sí léi an doras amach agus nuair a fhéachadh bean a’ tí isteach sa bharraille bhíodh sé folamh.
Ar feadh mí bhí sí mar sin agus ní bhíodh aon im aici. Fé dheireadh d’innis sí don sagart é agus duairt an sagart léi an chéad lá eile a bheadh sí ag déanamh ime é a insint do féin. Agus nuair a bhí an bhean chun an ime a dhéanamh d’innis sí don sagart é agus tháinig sé. Duairt sé léi an chuigeann a dhéanamh agus an fhaid a bhí sí á dhéanamh tháinig an tseanbhean isteach agus d’imigh sí suas chun na tine agus thóg sí sméaróid as an dtine agus nuair a bhí sí ag dul amach an doras thit sé uaithi. Tháinig sí arís ad iarraidh ceann eile agus nuair a bhí sí ag dul amach thit sé uaithi leis. Tháinig sí arís, an tríú uair, agus thit sé uaithi arís. Duairt an sagart léi imeacht amach go tapaidh agus d’imigh sí léi agus níor tháinig sí a thuilleadh, agus ní raibh an t-im tógtha ó bhean a’ tí as san amach.- Bailitheoir
- Peigí Ní Mhuimhneacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Charraig, Co. Chorcaí