Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- XML Leathanach 102
- XML “Scéal - Cailín Deas Crúite na mBó fé Mhallacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Maighréad Ní Chróinín, Carraig na Damhra. Aois – Trí bliana déag 11-3-’38
Scéal:- Cailín deas crúite na mbó fé mhallacht
Bhí fear ann fadó agus do chaith sé a shaol go holc. Bhí sé ag fáil bháis agus do cuireadh fios ar an sagart do i lár na hoíche.
Bhí an sagart agus an fear a tháinig á iarraidh ag dul fé dhéin an fhir bhreoite. Dhá chapall iallaite a bhí acu. Nuair a bhíodar ag gabháil thar chabhlach tí a bhí in aice an bhóthair d’airíodar an t-amhrán binn go léir á chanadh istigh sa chabhlach. Stopadar ag éisteacht leis an amhrán. Nuair a bhí sé críochnaithe duairt an sagart leis an bhfear dul isteach féachaint cé bhí ann.
Ní raibh ann ach cú. “Inseann san domhsa,” arsa an sagart, “go bhfuilim meallta ag an amhrán.” Do chomáin sé an capall chomh mear agus bhí sé ’na chosaibh ach bhí an fear tar éis bháis d’fháil nuair a shroich sé an tigh.
“Cailín deas crúite na mbó,” an t-amhrán a bhí á chanadh istigh sa chabhlach agus do chuir an sagart mallacht ar an amhrán ansan.- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Carraig na Damhaire, Co. Chorcaí