Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Síle Ní Luasaigh, Carraig na Damhra. Aois: Trí bliana déag
14-3-’38
Scéal
Bhí fear fial ann uair amháin. Thug sé cuireadh do na daoinibh mórthimpeall air teacht chun dinnéir chuige lá. Bhí fear dall agus fear bacach ina measc. Níor fhéad an fear bacach siúl toisc gan lúth na gcos a bheith aige. Níor fhéad an fear dall a shlí do dhéanamh toisc gan radharc na súl a bheith aige.
Chuimhnigh an fear dall ar sheift. “Téigh in airde ar mo dhrom,” ar seisean leis an bhfear bacach. “Déanfaidh mise tusa d’iompar agus déanfaidh mise tusa do stiúradh.”
Bhí go maith. Chuaigh an fear bacach in airde ar a dhrom agus bhain siad an tigh amach ar an gcuma san.- Bailitheoir
- Síle Ní Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Carraig na Damhaire, Co. Chorcaí