Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheirt acu thar n-ais go dtí an reilig agus sheasadar ar an dtaobh amuigh den fhalla.
Ní raibh pioc le cloisint ach an glór íseal ag rá:- “Ceann domhsa, ceann duitse,” agus fé dheireadh do stad sé. Do labhair an garsún eile ansan agus duairt sé:- “Cad mar gheall ar an dhá cheann atá ar an dtaobh amuigh den fhalla?” Mar gheall ar na cnaipí do bhí na garsúin ag caint ach cheap na fir amuigh gurbh orthu féin a bhíodar ag caint agus ritheadar ar buile.
Níor stadadar go rabhadar leathmhíle ón reilig. “Níl bréag ann,” arsa an dara fear. “Ná duart leat,” arsa an chéad fhear, “ach ní chreidfeá mé. Ní fheadar cé bhí ann?” ar seisean. “Ó!” arsa an dara fear, “cé bheadh ann ach Dia agus an Diabhal agus iad ag roinnt na n-anamnacha le chéile.”- Bailitheoir
- Peigí D. Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Ladhar na Gaoithe, Co. Chorcaí