Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 129
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Má líonas féin,” ar sise, “níl aon rud spártha agam.” “Ó! sea,” ar seisean, “níl ansan ach leathscéal – ná fuil sé sa bhfeircín agat?” “Ó! tá an ceart agat, a Sheáin,” ar sise agus dhírigh sí ar é a mholadh i dtaobh a bheith chomh maith. Bhí a fhios aici gurbh fhearr le Seán an ghruaig a staitheadh dhe ná í a dhul sa bhfeircín. D’imigh sí agus fuair sí an t-im agus chuir sí scimín de idir na fearaibh. Nuair a chonaic an fear í ag lot an fheircín do thosnaigh sé ag amhrán don leanbh, mar dhea, agus seo a duairt sé:-

    “Éadrom lastuas lastuas
    Éadrom lastuas timpeall
    Nuair a gheobhaidh na fir amach
    Bainfeadsa sásamh díotsa”.

    Duairt sé léi an leanbh a thógaint uaidh chun go n-íosfadh sé a dhínnéar, ach duairt sise leis go dtógfadh sí láithreach í ach go gcaithfeadh sí canna uisce d’fháil ag an dtobar le cur sa chiteal. Nuair a bhí sí ag gabháil amach chuir sí a bróga agus a seál sa channa. Do chuir sí a bróga agus a "shawl"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Shuibhne
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    An Tuairín Dubh, Co. Chorcaí