Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 143

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 143
  3. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Béaloideas (ar lean)

    Neithe nár cheart iontaoibh a bheith asta:

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    An t-ochtú haon :- Beidh Gaeil ag seasamh a gcirt.
    An naoú haon :-Tiocfaidh léirscrios thar farraige anoir a chuirfidh
    Éireannaigh go haltaibh i bhfuil.
    An deichiú haon :- Mo léan a mairfidh ansan.

    Cad aon t-aos tú?
    A dís sa dathad a trí sa ceathair is aos dom = 87.
    A rómhar sa grafa is a casadh le claí a dhéanamh.
    Ag feitheamh le hathrú beatha de dhruim scéala
    Chun gur thiteas um stráille lag caite gan lí na léithe agam.

    Tiocfaidh liatha luatha, cruacha cátha, cion ar an seanóir, agus ní aithneoidh an iníon a máthair.

    Leanann an mheidhir an t-ól agus tigeann an brón ’na dhiaidh.

    An rud a cnósann an cníopaire múnann an rábaire.

    Ciaca is sia a thidheann an t-únán nó an t-anbhruite?
    Is sia a théidheann an t-únán.

    Cad é an bia b’fheara dhuit a dh’ithe?
    Sochar na mbó nó toradh na punainne?

    Seanfhocal
    Ní thigeann ciall roimh aois.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chríodain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Drom an Ailigh, Co. Chorcaí