Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- XML Leathanach 146
- XML “Scéal”
- XML “Seanfhocail”
- XML “Nathanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Arsa an file:-
“Is mithid duitse bheith i bhflaitheas Dé
Is gan bheith id shamhail ansan.” - 1. Is fearr seanfhiaca ná seanéilithe.
2. Scoilteann an bhreab an chloch.
3. Mairg an té a itheann fómhar a shrathrach féin.
4. Is mairg a bhíonn go holc agus a bhíonn go bocht ’na dhiaidh.
5. Cairt fé chac sicín.
6. Is mairg ná tugann rabhadh dá chomharsain.- Bailitheoir
- Máire Ní Shuibhne
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Tuairín Dubh, Co. Chorcaí
- 1. “Bhfuil fhios agat cad duairt an púca sa tor?”
“Beagán dá chúram bíodh ort”.
2. “Tarraigidís ó chéile é,” arsa fear lár a’ tsúsa.
3. “Bhíodar chomh sámh le Seán Ó Céileachair nuair a bhí an stáca ar lár na féithe aige.”
4. “Mar a chéile dhóibh,” arsa an gabhar lena chosa.
5. “Cad a cham srón Firín?”- Bailitheoir
- Máire Ní Shuibhne
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Tuairín Dubh, Co. Chorcaí