Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Máire Ní Chríodáin, Drom an Ailtig. Aois – Ceithre bliana déag
21-6-’38
Béaloideas – Scéal
Timpeall céad bliain ó shin nuair a thosnaigh an Béarla ar bheith á mhúineadh sna scoileanna anso fuair leanaí na háite ana-scanradh ad iarraidh é a fhoghlaim. Lá amháin duairt athair buachaillín áirithe leis cead a fháil ón máistir teacht abhaile go luath sa tráthnóna chun aire a thabhairt don ghabhairín bán a bhí tar éis breith, agus seo mar a iarr an buachaillín an cead:-
My Daddy tell me to have I to tell you to have you to tell me to go home for the gabhairín bán did lay a mionnán thíos i bpáircín a’ bhóthair and the maggotty pie [ = magpie] would pick out his eye unless I weren’t there to mind him.
Níl an scéal chomh holc san againn anois.- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Drom an Ailigh, Co. Chorcaí