Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- XML Leathanach 162
- XML “Béaloideas - Scéal”
- XML “Seanfhocal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thiarna éigin é ón mBaile Breac. I gcionn tréimhse do chuir sé duine dá fhearaibh go dtí an mBaile Breac chun cuntais a thabhairt thar n-ais do conas a bhí ag rith leo. Nuair a tháinig sé go dtí an áit is amhlaidh a bhí scata mór gabhar le hais an tí. Chuaigh sé isteach sa tigín agus do bhíodar ag ithe prátaí as sciathóig a bhí ar ghlúnaibh an tseanduine. D’aithin sí an teachtaire agus duairt sí leis gan a insint dá hathair conas a bhíodar, ná raibh a mhalairt tuillte aici. Bhuail sé abhaile ansan agus duairt sé leis an rí gan dul ann choíche mar go raibh áit thar barr fálta aici. “Nuair a chuas i ngar don tigh,” ar sé, “is amhlaidh bhí garda mór saighdiúirí agus dhá ghunna ag gach duine acu mórdtimpeall air. Nuair a chuas isteach, bhíodar ag caitheamh a ndinnéir agus ní cheannódh an méid óir atá agatsa na cosa a bhí fén mbord acu.” Níor chuaigh an rí riamh ag fiosrú a iníne.
- Seanfhocal – Is mórthaibhseach iad adharca na mbó thar lear.
- Bailitheoir
- Máire P. Ní Cróinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Goirtín Fliuch, Co. Chorcaí