Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí garsún bocht ’na dhílleachtaí ann uair. Bhí leasmháthair aige. Bhí sí ag criathairt mine coirce lá. Rith an garsúinín anall chuici agus chuir sé a láimhín fén gcriathar chun dorn mine coirce d’fháil le n-ithe. Do bhuail an leasmháthair clabhtóg ar an láimhín air. D’imigh sé leis ar bog-ghol agus nuair a chuir sé an tocht de labhair sé:- “Beannacht dílis Dé le hanam mo mháthar. Bhí sí dall ach ní raibh fhios agam é go dtí inniu. Ní fhaca sí mo láimhín riamh fén gcriathar.”
D’imigh na blianta agus bhí leasdeartháir ag an dílleachtaí. B’é siúd an máistir mar bhí an taca aige. Bhíodh scata géanna acu ar an gcnoc. Bhíodh ar an leaidín bocht na géanna do chur isteach gach oíche. Ní raibh aon rud le déanamh ag an leasdeartháir. B’é toil Dé go bhfuair an leasmháthair bás agus oíche an tórraimh labhair an leaidín arís:-
Céad moladh mór le Rígh na naomh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Cheallacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cathair na Cáithe, Co. Chorcaí