Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Máire Ní Shuibhne, Túirín Dubh. Aois - Dhá bhliain déag
14-9-’38
Seanfhocail
1. Beidh muileann ar gach sruth agus mná óga gan náire.
2. Tóg an liathróid ar an gcéad luascadh.
3. Toibh do chuideachta sula suífir.
4. Tosach agus deireadh an duine chun na tine triallann.
5. Tosach ceatha ceo agus deireadh catha gleo.
6. Treabhadh Muintire Murnáin.
7. Troscadh an chait cheannainn.
8. Tuar fola fearg dhian.
9. Tuill ór agus caith é.
10. Tús na heagna uamhan Dé.
11. Uan fireann fionn i dtúis bliana níor ghrás riamh d’fheiscint.
12. Uireasa do-ní cumha.
13. Aithreach óg seanadhiabhal críonna
14. Ní hionúin le Dia an béal bréagach.
15. Ní híseal ná uasal ach thíos seal is thuas seal.
16. Níl an chathair mar a tuairisc.
17. Níl aon bhaol go deo ort.
18. Níl aon mhaith i gcaoineadh nuair a imíonn an tsochraid.
19. Níl foghail is measa ná foghail an chorráin.
20. Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
21. Ní lú an frigh ná máthair an oilc.- Bailitheoir
- Máire Ní Shuibhne
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Tuairín Dubh, Co. Chorcaí