Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhíodh na franncaig ag dul ó áit go h-áit na sluaghtaibh. Lá amháin bhíodar ag deanamh isteach ar Bhaile Mhúirne agus dubhairt franncach críona do bhí orta leis an gcuid eile:-
"Gabhaidh go múinte tre Bhaile Mhúirne,
Mar tá droch criú ann mar a cloisim,
Is ró bheag an cúis íarfaidís chúghaibh-se
Nuair a ruagfaidís sibh leis na clocaibh.
Nuair a bhí tréimhse caithte aca i mBaile Mhúirne bhíodar ag cuineamh ar dhul síar go dtí Cúil Aodh acht do labhair an franncac críona arís agus dubhairt sé.
"Ní raghaimíd mar greadadh teine gan bhíadh a bhíonn in iarthar Bhaile Mhúirne."
Annsan bhíodar cun dul ó thuaidh go dtí Gleann Fleisge acht dubhairt an seana franncach arís,
"Gleann Fleisge na gcrann, ball gann, gorta dá mbeithfeá ann go Samhain bheithfeá an t-am san ag trosga," acht cuadhar soir go Magcromtha an áit na cruithneacht agus coirce agus bíadh go leór le fágáil. aca.- Bailitheoir
- Peigí D. Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Ladhar na Gaoithe, Co. Chorcaí