Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí buachaill aimsire ann fadó agus ba bhéas aige bheith ag dul ag sgoruídeacht gach aon oidhche. Bhíodh sé ag gabháil treasna cnoc agus é dul ag sgoruígeacht.
Maitúin Ó Céilleachair a bainm do.
Do bhuaileadh saghas sprid uime agus deantús muiche uirthi. Do ritheadh sí chuige gach oidhche agus do ritheadh sí idir a dhá chois. Thogadh sí léi é ar a dhrom agus chaiteadh sí i bpoll uisce nó i bpoll portaig é gach oidhche.
Oidhche dá raibh sé ag dul ag sgoruídheacht.
Do chuir sé air peidre spuir agus d'imthigh sé leis.
Do bhuail sí uime sa chnoc agus do thóg sí léi é.
Do rop Maithiún í chomh maith is dob fhéidir leis é agus sar ar shrois sí aon pholl uisce do chait sí dá drom é agus d'imthigh sí uaidh.
An oidhche na dhiaid san do labhair sí leis. "A Mhaithiún", ar sise "a bhfuil na gearáin ort." "Tar agus triall iad", arsa Marthiún léi agus as san amach ní fheacha sé í a thuille.- Bailitheoir
- Máire Ní Liatháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Goirtín Fliuch, Co. Chorcaí