Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- XML Leathanach 283
- XML “Eoghan Rua”
- XML “An Gaorthadh Cois Laoi - Seanchas agus Filíocht ag Baint Leis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Eogan Ruadh ag gabháil an bóthar lá i- n-aice Magh Cromhtha. Chonnaic sé fear ag cur coirce, agus ós rud é go raibh ocras air chuaidh sé isteach sa pháirc. Shíl sé go ndéurfadh an feirmeóir leis greim le n-ithe a bheith aige ar dtúis, acht níor dhubhairt. Nuair dubhairt Eóghan go gcuideóchadh sé leis bhí an feirmeóir sásta. Thug sé buicéad coirce dho agus dubhairt leis bheith á scaipeadh. Nuair a thóg Eóghan an chéad dorn, bhí fearg air agus seo mar adubhairt :- A haon gan séan ná rath ort mar iomaire ghuirt, An Dara h-aon, go léir ná tagair-sé tuigh, An tríomhadh h-aon, léan agus scaip do shliocht agus an ceathramh adh h-aon, caor go leagaidh do thig. Chaith sé an buicéid uaidh agus d'imthigh se leis.
- Tímpeall trí mhíle leas-thiar-theas de(leanann ar an chéad leathanach eile)