Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí file tímcheall an h-áite seo fadó dar a b-ainim do Tadhg Geal na Cluaise. Fear bocht do beadh é agus bíodh sé ag iarraidh déirce.
Oidhche bhí sé i dtig agus chuaidh muíntir an tíghe 'na gcodhladh agus fágadh Tadhg i ré-leabaidh sa chistin. I lár na h-oidhche tháinig ocras air agus d'eirig sé agus fuair sé mias lán de bhainne raimhir.
Bhí sé a d'iarraigh an bhainne d'ól agus leag sé an mhias. Bhí cat agus madra fé mbord, chonnacadar an bainne agus ritheadar [?]chuige Thug Tadhg cic do'n mhadra agus sgread sé.
D'airig fear an tíghe an gleó. Glaoidh sé ar Thadhg.
"An id chodhladh ataoi a Thaidhg?"
Tadhg - "Ní na chodhladh atá Tadhg.
Ach ar a dhrom sa leabaidh na luighe.
Tá na lucha go deimhin.
Le meidhir ag gearradh na dtuighe.
Ní fheadar go deimhin.
Cad d'eirigh ar chathaibh an tíghe.
Ach buail an t-adhain sa bhreill ar an madra buidhe."- Bailitheoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí