Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 186
- XML “An Gorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí clann na gcómhnaidhe i Snámh tímcheall dhá mhíle ó'n sgoil seo. An bliadhan roimh an ghortaidh mhóir a bhí ann. An bhliadhan sin do chuireadar páirc mhór prátaí, mar ná bíodh aon biadh eile acu ach prátaí. D'fhásadar go maith agus bhí súil le barra maith acu nuair a bheidís ghá mbaint. Ach bhí bre[?] ortha.
Nuair a chuadar chun an áit na raibh na prátaí, fuaireadar go raibh na prátaí go léir lobhtha. Cómh luath agus fuaireadar é sin amach do chuireadar ologón asta nuair a chonnacadar ná beadh aon rud le n'ithe acu feasta. Do hairígheadh an thologón sin trí míle ó'n áit sin.
San am gcéadhna bhí na cómhnuidhe in Árd na dTuras bainntreach agus a mac a bhí tímcheall naoi mbliadhna d'aois. Do tháinig an ghorta agus do luig an t-ocras go trom ortha. Fé dheire fuair an mháthair bás leis an ocras. Do chuaidh an garsún go tig cómharsan agus do tháinig fear a'tíghe leis go tig an bhuachalla.
Nuair a bhí an fear ag cur na mná dúbhairt an buacaill an bratlín a bhí tímcheall a mháthar a tabhairt thar nais(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Riobárd Ua Drisceoil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Snámh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Snámh, Co. Chorcaí