Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 199
- XML “Ór i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear tímcheall na h-áite seo fadó agus óidhche amháin do taidhrígheadh do go raibh ór i bhfolach fé chromleac i dtalamh Mhuintir Leibhís. Bhí eolas maith aige ar an áit mar ba mhinic a chidheadh sé é.
Cuaidh sé chun na h-áite chun an ór a fhághail cúpla oidhche ina dhiaidh sin, agus bhí ráman mhaith aige. Ní raibh aon tuairisg ar ór ná ar aigead agus ar a shlíghe do amach as an áit bhuail sé i gcoinnibh falla seana tíghe a bhí ann agus leag sé cúpla clocha as.
Cúpla lá ina dhiadh san fuair Leibhís amach mar gheall ar an bhfalla agus an poll a dhein an fear leis an rámhain. Bhí sé ar dhearg buile. Fuair sé gluaistéan chun dul go Corcaigh chun dioghaltas a fhághail as an ndíoghbháil. Cé bheadh ag tiomáint an ghluaisteáin ach an fear a leag an falla. Ar an slíghe dho go Corcaig do bhí Leibhís ag ínnsint an sgéil do agus bhí sé ag briseadh a chroidhe ag gairídhe mar b'é féin a dhein an dioghbháil. Ní raibh a fhios san ag Leibhís agus ba mhaith an bhail ar an bhfear eile ná raibh.- Bailitheoir
- Celestín Ua Ceocháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Briain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí