Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 203
- XML “Muileann Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí muillean mór mar a bhfuilim im chómhnuidhe anois, tímcheall míle ón scoil seo agus siné an fáth go nglaodhtar Muillean Mór ar an áit. Iarrainn a bhí ghá leaghadh ins an muillean seo agus fuarathas an t-iarrainn i ngiorracht de uachtar an tailimh ceudna agus bhí an muillean suidte.
Do bhí an muillean seo ag obair tímpeall dhá ceud blian ó shoin agus bhí suas le dachad fear ag obair ann. Tá an inneóin le feiscint is le fághail ann agus tá rian na teine ann fós.
An t-uisge a chuirfeadh an muillean ag obair do gheibhtí ó Loch Buidhe é, sin loch ar bhár Cnuic na gCeachann. Do bhí dorus mór leis an loch chun an t-uisge a stopadh agus nuair a oireadh an t-uisge do'n mhuillean do caitheadh fear dul cómh tapaid agus do bhféidir leis agus an loch a leigint agus dul airís chun é stopadh.
Do bhí ar lucht oibre an mhuillinn cloch bhreasail d'fhághail ó Shasana chun an t-iarrainn do dheanamh. An bádh deireannach a tháinig isteach do chuaidh sí go tón puill i dtráig an t-Snámha le last cloch bhreasail agus tá an breasail le feiscint fós ann.
An t-iarain a deineadh ins an muilleann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí