Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 225
- XML “Bás Tisdil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó in aimsir na ndeachaite, bhí ar mhuintir na h-áite seo an deicheamhadh cuid dá gcuid barraí a thabhairt do mhinistéirí Shasana. Bhí ministir dárb ainim Tisdeal ghá bhailiú agus is minic a bhí trioblóid aige ghá dheanamh mar ní bhíodh muintir na h-áite sásta a gcuid barrraí a thabhairt uatha.
Oidhche dá raibh Tisdeal ag dul ó Chondae Chorgaighe go Condae Ciarraidhe bhí beirt fhear ag faire air ag barr bóthair Léim an t-Sagairt chun é mharbhú. Nuair a tháinig sé go dtí an áit na raibh na fir do chas na fir air ach níor aithinigheadar é agus do sgaoileadar thársa é. Tar-éis tamail casadh bean ortha agus d'fhiafhruigheadar dí cér bé an duine a bhí gabhta thársa. Dúbhairt sí gurb é Tisdeal a bhí ann.
Do rith na fir na dhiaidh agus nuair a thánadar suas leis do lámhachadar é. Thóg duine de's na fearaibh an uaireadór a bhí ag Tisdeal leis agus bhí ainim Tisdeal ar an uaireadóir.- Bailitheoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí