School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 231
- XML “Cúilín Lomáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá gleann uaigneach imeasc na gcnoc, timcheall míle ó'm thigse, gur b-ainm do Cúm na Léime. Is mó sceal tá ag na sean daoine le hinnsint na thaobh. Sa tsean shaoghal timcheall cead blian ó shoin no mar sin, bhí dachad linn tighe de Mhuintir Laoghaire na gcómhnuidhe ann. Níl ach dóthain tailimh do aon linn tighe amháin sa ghleann ar fad agus dá bhrigh sin chaitheadar sligh beatha eigin seachas feirmeóireacht do tharrac chúcha. Do luigheadar amach ar robáil agus ar chreachadh timcheall ortha. Bhí gach duine acu nios fearr na chéile mar amhránaidhe agus aoinne acu a theastóchadh aon chailín mar mhnaoi uaidh ní raibh uaidh acht amhrán a chanadh na lathair chun í a mhealladh leis. Is beag cailín a mbeadh ar a cumas an teiteachas a thabairt do aoinne acu ar chlosaint an tamhrán uaidh acht dá dtugadh, ba measa dhi é mar do thiochad dachad fear an oidhche sin ar muin capall agus bheurfaidís leo í.
Is mó duine a bhíodh ag dul treasna Bóthair Léim an tSagairt a robáileadar. Do leanadar ar an obair sin go dtí go dtáinig dream mor saighdiúirí chun an ghleanna agus do lamhachadar a bhfurmór agus chuireadar ar an ruaig ar an gcuid eile.
Ní dheaghaidh aoinne go ceann abhfad na dhiaidh sin chun cómhnuighthe sa ghleann.(continues on next page)- Informant
- Seán Ua hEaluighthe
- Gender
- Male
- Age
- 92
- Address
- An Fearann Fada, Co. Chorcaí