Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 255
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mar a bhfuil rud agat fein biodh do bholg leis an ngréin.
Ól deoch na tarta na táinig.
Is fearr súil i mbeal an chuain na súil i mbeal na huagha.
Míneann gach aoinne bean bhorb ach an té go mbionn sí aige.
Digh gach siona an sioc ach bhuadhann an sior bháisteach air.
Ní martara go daille ach is meas bheith ar buille.
Ní theidheann stoirm thar Domhnach na rabhta thar Ceadaoin.
Séan tig an tabhairne no báirneach is beatha dhuit.
Is cuma le fear na mbróg cá chuireann sé a chos.
Moladh gach aoinne an táth mar a gheobhaidh
An té a bheurfaidh sceal chughat beurfaidh sé dhá sceul chughat.
Baineann an meisgeóir an dion dá thig fein is cuireann an thig an tabhairne é.
Níl aoinne sa charraig gan a aindeise fein aige.
Tarracidís ó na chéile é arsa fear lár an tsúsa.
Is liagh gach othar tar éis a leigheas.- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Ceocháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- An Fearann Fada, Co. Chorcaí