Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 263
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Lá agus mé ag dul go banndan”
Lá agus mé ag dul go Banndan
Ar aonach cearc na Samhna
Bhíosa san am san
Gan ambar ná gan gádh
Do cheannuigheas blúire ghamhnaig
Ó fhear andeas don cheanntar
Is ní bhfuaireas riamh an ceann í
Ar cheallthar ná ar bhrághaidh. (cráib)Do chomáineas liom anall í
Do dtánamair go Banndan
Do chuireasa mo ghamhnaig, ar sgáth
Bhí rinnce is ceol is dobhas ann
Ba ghairid dúinn go rabhamair
Gan mheabhair seal mar chách.Nuair ba tam dúinn bheith ag gluaiseacht
Ní raibh sí ann ná tuairisg
Blágárdaí na tuatha
Arádh gur bshiúd í suas í
Agus sé ndeinidís a thruagh dhom
"A bhfuairis í a Sheáin."Do shiubhaileas cnuic is gleannta
Is gach aon bhall dá raibh ann di
Comarcha na h-abhann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ó Cróinín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rinn an Dísirt, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Duinín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Rinn an Dísirt, Co. Chorcaí