Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháin do bhí feirmeóir na chómhnuidhe tímcheall na h-áite seo. Maidin áirithe chuaidh sé amach go cró na mbó agus bhí an bhó dob bfhearr a bhí aige tar éis bás dfhághail. Do chuir sé i bpáirc í. Bhí brón is buairt air ina diaidh mar bíodh alán bainne aci gach lá.
Tímcheall seachtaine ina dhiaidh san fuair bó eile bás. Bhain sé an croiceann dí agus chuir sé ar shalann i mbaraile í. I lár an lae tháinig bean siubhaltha na mbóthair go dtí an tig. Dúbhairt sí leó gan an fheóil a ithe mar go marbhóch sí iad. Annsan do thóg sí go dtí lios a bhí in aice na h-áite iad. Chuadar isteach san lios agus fuaradar an dá bhuin istig ann agus thóg an feirmeóir abhaile iad.- Bailitheoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí