Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 279
- XML “Ceirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí gabha i gCúm-Thóla fadó agus dheineadh sé pící de chruaidh. Dúbhairt na sean daoine gur b'shin a ghnó ó Luain go Satharn. Picí Cropí a tugtaí ar na pící a dheineadh sé. Tá cuid de's na pící sin tímcheall na dúithe fós. Do dheineadh an fear ceudhna geataí agus drollna.
Do bhí greasaidhe i Muillean Mór a dheineadh agus a dheisigheadh bróga. Níor chuir sé ceap riamh in aon bhróig acu ach fód móna. Do dhein sé peidhre bróg do Dhiarmuid na Sceal agus bhí air dhá fód móna do chuir ionta siúd, mar peidhre buataisí ab eadh iad.
Do bhí cúipéar san áit seo agus do dheineadh sé tubáin meadair agus barrailí. In áit éigin i nDrom Dubh a bhí sé na chómhnuidhe. Oidhche dá raibh sé ag teacht abhaile do bhí air poll doimhin san abhainn do chrossadh. Do bhí beama treasna na h-abhann ó bhannc go bannc agus do bhí an beama fluich. Do shleamhnaig an cúipéar agus do thuit sé isteach san abhainn agus do bádhadh é agus ó shoin i leith glaodhtar Poll an Cúipeara ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí