Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear na chómhnuidhe i Muillean Mór fadó agus bhí sé go h-ana mhaith chun cloch a chaitheamh thar dhruim a ghualainn. Ba dheacair fear d'fhághail a bhuadhfadh air ag caitheamh caiste. Bé an fear ab fhearr i gCúm-Thóla é chun mearóg a chaitheamh.
Do bhí fear eile na chómhnuidhe i gCúm-Thóla uair gur ab ainim do Diarmuid Garbh. Do bhí an fear seo thar barr chun reatha agus chun iománuidheachta. Do chuireadh sé an liathróid pé fhaid ba mhaith leis le buille chamáin. Do thógfad sé ualach idir a dhá láimh oiread agus a thógadh aon bheirt fhear eile. Is minic d'fhág sé a bhaile maidean Gheimhridh agus do shiulbhalfhadh sé isteach go Cill Áirne chun a chíos do dhíol agus do bhíodh sé sa bhaile airís ag cómharac laé is oidhche an lá ceudhna.- Bailitheoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí