Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 296
- XML “Síle Crúbaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailleach i na cómhnuidhe i mBarrluinn ar thaobh an bhóthair. Deirtear go raibh go raibh sí ábalta ar alán galar do leigheas le cleas. Síle Crúbaí a tugtaí uirte. Níl acht a tig ann anois.
Tímcheall 30 bliadhain tar éis a bás bhí fear ag tiomáint bó go aonach abhí i mBeanntraighe. Bhí sé roim na mbó agus bhí cúpla fear eile i na ndhiaidh. Am mhairbh na hoidhche a bhí ann. Nuair a tháinig sé go dtí Tig Shíle Crúbaí, mar siné an ainm atá fós ar an dtig, tháinig scamall dubh tiugh trom tímcheall air agus ní fheadfadh sé aon rud a dhéanamh ná a fheiscint. Annsan tháinig meádhchaint uathbhásach ar a ghuailnibh agus dfhan sé air an fhaid a bhí sé ag siubhal tímcheall dhá chéad slat. Tá sruthán bheag ag dul treasna an bhóthair tímcheall dhá chéad slat shíos ón gcabhlach agus tá droichead beag ós a chionn. Nuair a tháinig an fear go dtí an droichead d'imtig an scamall agus an méadhchaint.
Oidhche eile do bhí fear ag teacht ó aonach abhí i mBeanntraighe ar a naoi(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ó Cróinín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rinn an Dísirt, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Duinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Seoladh
- An Drom Dubh Thiar, Co. Chorcaí