Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 303

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 303

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 303
  3. XML “Sprid Céim a Diubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    morsheisear marbh aici le deadhanaige. Bé an fear deirinneach a mhairbh sí ná buchaill aimsire bhí ag obair do fein sa bhfeirm.
    Nuair a bhí obair an bhuachalla críochnuighthe ag an ngabha do chuir sé chuige na rudaí go léir sa mhála arís. Bhí sé deunach go maith am an taca so agus do chómharlaigh an gabha do fanamhaint ar lóisdín leis fein an oidhche sin agus go mbeadh sé sa bhaile luath a dhóithin an mhaidean na dhiaidh san. Pé tathaint a dheunfadh an gabha ní choimeádfadh sé an buachaill gan aghaidh a thabhairt ar an mbaile an oidhche sin. Sé rud a dhein an gabha annsan na fáinne deas cruadha a dheunamh agus é chur ar shlabhra breagh láidir. Do thug sé iad so agus timcheall dhá throigh goileith de mhaide cruaidh don bhuachaill. Dubhairt sé leis dá dtagadh an sprid na choinnibh oibriú uirte leis an maide cruaidh agus an slabhra do choinneál ollamh na láimh clé agus dá bhfagadh sé an caoi chuige an slabhra a chaitheamh ar a muinéal.
    Seadh, ní túisge a shaothruigh mo bhuachaill Céim a' Duibh na b'siúd chuige an sprid agus spreacha teine á fágaint. Do dhruid sí leis isteach agus leig sé a mhála de. Gach aon iarracht dár tharrig sé leis an maide uirte shaoil sé gur ag tarrac ar mhála olna bhí sé, chun gur dhruid sí ana docht air. Bhí an slabhra beartaighthe chun gnímh aige, do chaith sé ar a muinéal é agus do thairring, do rith an slabhra tríd an bhfainne agus ba ghearrr go raibh sí go daingean sa siollán aige agus geallaimse dhuit gur fháisg sé go maith í. Nuair bhí sí socair, d'fheuch sé uirte agus bhí sí ar an mnaoí cómh breagh agus a chonnaic súil duine riamh. Nuair a tháinig a hanál di dubhairt sí go raibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Inscne
    Fireann
    Aois
    100
    Seoladh
    Snámh, Co. Chorcaí