Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 306
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Muillean Mór is ainim don áit in a bhfuil im cómhnuidhe.”
Muillean Mór is ainim don áit in a bhfuilim im chómnuidhe. Seo mar a fuair sé an ainim sin[?] Do bhí muillean ann fadó in a deintí iarrain. Do gheibhtí an t-iarrain i bpáirc in aice an mhuillin. Tímceall ceatrú míle ón muillean san do bhí muillean beag eile in a raibh iarrain ghá dheanamh. Muillean Beag a ghlaodhtar ar an mbaile fearthain in a raibh an muillean beag san suidhte.
Sa bhfeirm in a bhfuilim im chómhnuidhe tá cumar ar a dtugtar Cumar a' Phúca. Fuair an áit sin a ainim ó phúca a chonacathas ann oidhche dhubh dhorcha. Tá áit eile ann ar a dtugtar Carn. Do baisteadh an ainim sin ar an áit sin mar tá carn mór cloch ann. Síad na daoine maithe a chuir an carn san ann le linn caisleáin a dheanamh. Áit eile iseadh Poll a Duibh. Sa t-sean shaoghal do gheibhtí mianach ann chun eaduighe do dháthú.Pádruig Ua h-Úrdail
Muillean Mór- Bailitheoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí