Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 327
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thug bodaire do dhuine uasal cuireadh uair dá chomharsanaibh teacht chun dinnéar mar a bhí ollamh aige dhóibh. Bé an ceud bheirt a tháinig na feirmeóir agus a bhuachaill aimsire. Bhí airc ar an mbuachaill chun bídh. Do cuireadh na suidhe chun bhúird iad. Tháinig an cócaire agus chuir sí rómpa ar an mbórd prátaí ar mhéis agus piosa breagh mairtfheóla ar mhéis eile. Ar bhórd beag le hais na beirte leag sí mias eile agus piosa feóla uirti. Sin piosa do chaora duibh i gcóir na cuideachtan tá gan teacht fós ar sise. Thosnuig an buachaill ag grabhas agus ag tormaisg i dtaobh gan an chaora dhubh a bheith aige fein. Tar éis tamaill bhig tháinig an caillín arís agus chuir bradán rósta ós comhair na beirte. D'itheadar. I gcionn tamaill arís thug sí piosa fiadh dóibh agus d'itheadar. Pé rud a tabharfaí do'n bhuachaill ní beadh sé sásta, lean sé ag sior gearán agus ag cnáimhseáil. Bhí fear an tighe ag éisteacht leis agus nídh nár bionghadh bhí se brean de. Sa deire dubhairt sé mar seo:"Is mairg na cnuasuigheann ciall,
Agus na cuireann srian le na ghuth,
Sar a tháinig an bradán agus an fiadh
Ba mhaith an biadh é an chaora dhubh.- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí