Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 332
- XML “Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Prátaí a bhíodh chun breacfeasta ag na daoine fadó agus leite mine bhuidhe i gcóir a ndinnéir. Ní ithidís acht dhá bhéile bhídh sa ló. Nuair a bíodh na prátaí úsáidthe acu acht an síol do bhíodh arán mincórnan agus arán seagail agus min coirce chun praiseach a dheanamh dí. Bhí bróinte ins gach aon tig an uair sin.
Mharbhuigheadh na daoine saibhre mairt dóibh féin. D'imigheadh na daoine bochta chun na gcnoc ag brocuigh agus is mó broc breágh méith a thugaidís abhaile leó. Bhí aon bhall amháin go dtuigaidís Clodach a Bhruir mar ainm air agus thugaidís broc is fiche abhaile leó as[?] san aon oidhche amháin. Bhí faill eile go dtugaidís [?] a Bhulláin air, agus thugaidis dachad ceann as an oidhche eile leó. Dheinidís iad a sgóladh annsan agus do scrios ar nós na muice. Chuiridís ar salann annsan iad ar feadh trí seachtmhaine. Nuair a bheadh an fheóil beirithe[?] ní aithneóchadh aoinne ó piosa muicfheóla í. Nior baon iongnadh an té a bhuaileadh iompa ag teacht abhaile go ndeireadh sé go mbeadh rud ar a mbior acu.- Bailitheoir
- Mícheál Ó h-Uallacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caol an Eidhinn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó h-Uallacháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Caol an Eidhinn, Co. Chorcaí