Scoil: An Góilín, An Sciobairín (uimhir rolla 5656)
- Suíomh:
- An Góilín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: P. Ó Meádhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Góilín, An Sciobairín
- XML Leathanach 157
- XML “Na Longa a Briseadh ar an gCósta Seo”
- XML “Ainmneacha na Loinge”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fuarthas an méid seo thíos ó Seán De Glanbaoil, fear a chaith a shaogal i bhfeighil na tighthe solais ar cóstaí na hÉireann agus a bhfuil ar a phínsiún anois.
Tá sé sé deag is trí fichead bliadhna d'aois. Tá a lán eolais aige ar rudaí den tsórd seo, mar do chuir sé suim ann agus tá a lán nótaí bailighthe aige mar gheall ar na loinge thíos. - An [?]Clío:-
Fuaradar í i mí Eanair 1825 i "Trágh na Searrach". Do bhí adhmad ar bórd aici. Is amhlaidh a chuadar amuigh is d'oidhche i gceo, agus nuair a chonnacadar na failltreacha árda do tháinig eagla ortha. Do léimeadar isteach ins na bádaibh beaga agus d'fhágadar ann í. Chuadar an fuirn i dtír i Dún Mangnús (Caoi).
Ar breachadh an lae chonnaic munntear Corrán Mór (ainm áite) í agus do thógadar isteach i gCúan Crúachán í. Nuair a chualadar an fuirn go raibh sí ann do tháinig siad thar nais(leanann ar an chéad leathanach eile)