Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fachtna atá ag na Sasanaig anois. agus teampull na Bráithrigh, a bí ag bráithre Naomh Proinnsias fadó - Bhí fear na chomhnuidhe i Ros go raibh an cómhacht ceadna aige agus a bhí ag Seán Máigistir, agus díbir sé ó'n dá theampull iad ó thuaidh go teampull beag Na Muirisigh i gcaisleán na binne duibhe. Quakers a bheadh na Muirisigh, agus táid siad curtha istig in-aice an Chaisleáin. Bhí fear de na Muirisigh 'na chómhnuidhe sa caisleán san am agus bhí an chómhacht ceadna aige agus bí ag an mbeirt eile, agus do cheap sé iad díbirt as an áit, agus dubhart sé pé áit 'na dhíbreóchadh sé iad na déanfaidh sé aon díoghbháil go deó dá cómharsain marbh leo mar nár ceart é dhéanamh; ach fuair sé amach le draoidheacht go raibh snámh mór déanta acu, agus do cheap sé 'na h aigne go dtubharfhadh sé snámh eile dhóíbh agus do chuir sé amach ar Carraig an dubh-lic iad i carraig atá leis míle siar ó barra Ceann Dún déide, mar atá an tig soluis anois. Nuair a bhí an lomhach go léir ithe achu atá ag fás mór timceall na Carraige, fuaradar go léir bás leis an dtart.
B'sin deire le franncaigh roilige Mhidhrois ar Carraig an dubha lic, agus ní fheacha duine ná daonaidhe aon franncach i roilig mhidhrois óshoin
B'é an fáth gur chuir Seán Máigistir ó Coileáin na franncaigh ag an roilig i dtosach. ná gur chuir duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí