Scoil: Cuan Dor (uimhir rolla 1272)
- Suíomh:
- Cuan Dor, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Séamus Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuan Dor
- XML Leathanach 297
- XML “Éisc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá iasc beag ann agus is annamh a geibhtear é ar an gcósta so. Sa t-Samhradh a bhionn sé le fagháíl agus tugtar Johnny Dory air as béarla. Dath liath-ghorm atá air agus tá sé ana dhealgach tímcheall a chinn. Dá bhfeicfeá é do thabharfá fá ndeara go bhfuil spota mór dubh in a lár. Is amhlaidh a deirtear gurab shin é an saghas éisc a bhain ar dTighearna as nuair a dhein sé Míorbhailt na n-éisg is na mbulóg. Creidtear leis gur rian méire Ár dTighearna fá ndear' an spota úd ar an iasc.
Iasc eile a geibhtear annso uaireanta is eadh chuach nó (Cuckoo fish) Iasc ioldaithte ar nós bogha ceatha is eadh é agus in aice carraige is mó a gheóbhfá iad. Táid cosúil le pollóig le n-ithe.Sí an phollóg an t-iasc is coitcianta annso sa t-Samhradh, chídhfeá na pollóga óga istig sa chuan gar do na carraigeaca agus "cuilligs" nó cuilligíní a tugtar ortha agus bíonn an t-aos óg á n-iascach le córda agus biorán lúbtha.An Phollóg go mbíónn leath troig nó mar sin innte tugtar "crothóg" uirthí agus geibheann siad iad siúd i líontaibh na mairciréal go minic. Nuair a bhionn breis is troig ionnta tugaid siad pollóga ortha. Is mó slighe go mbaintear úsáid as chun breith ortha; uaireannta do chídhfeá na daoine ná bíonn bád aca mar feirmeóirí agus go déanach ar tráthnóna samhraidh bíonn slat ana-fhada aca agus darugha agus dubhán agus ar an ndubhán bíonn píosa olna agus bíd(leanann ar an chéad leathanach eile)