Scoil: Cnoc Sceach, Clanna Caoilte (uimhir rolla 11424)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Ruairc
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“bail ó Dia annso: Conus tá'n tú a bhean a' tighe.”
Bail ó Dia annso: Conus tá'n tú a bhean a' tighe. Is díreach ná fuileann tú ar fóghnamh agus dar ndóigh ní locht san ort mar tá muinntir an pharóisde seo, go bhféachaidh Dia ' rainn i ndíg an bháis o bheith ag ól drabhuíol tae ó cheann ceann na bliana mar is nimh do'n chineadh daonna droch thae. Tolann sí na h-aedheanna, snaidhmeann sí snáitheann sí an inchinn agus deineann sí a gcuid fola chómh tanaidhe le uisce sneachtaidh agus sé easnamh a gcuid fola nádúrtha fé ndeara na fáibrí a chíonn tú ar éadanaibh óige an paróiste seo. A' dtugann tú fé ndeara a bhean a' tighe an rás atá fé dhochtúirí agus poiticéirí na sráide seo thíos. Feach nách fios ciocu acu is mó de chiotharnach Sid iad a mná agus a gclanna líonta suas de cháilthibh agus siogairlíní óir ag sileadh leo agus iad ag gluaiseacht thart gach lá ag radharc ar chóistibh órnáideacha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Ruairc
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Randal Ó Muirthille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 89
- Seoladh
- Ballyvahallig Cross Roads, Co. Chorcaí