Scoil: Cnoc Sceach, Clanna Caoilte (uimhir rolla 11424)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Ruairc
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“D'réir mar a innstear dúinn nhí cainnt ag gach éan agus ainmhidhe sa t-sean aimsir agus is mó cómhrádh fada géar a bhíodh eatortha.”
D'réir mar a innstear dúinn bhí cainnt ag gach éan agus ainmhidhe sa t-sean aimsir agus is mó cómhrádh fada géar a bhíodh eatortha. Tháinig an droch-shaoghal ar an ndreoilín bocht ach go h'áirighthe agus nuair a tháinig an tam chun a chuid arbhair a chur ní raibh grainne síl aige. Bhuail sé amach imeasg na gcómharsan. Bhuail sé isteach go dtí Mairín an Trúis agus d'innis a scéal di "Bheidhinn go rí-bhuidheach díoth", ar seisean, "dá dtabharfá beagáinín síl dom agus díolfad an cómhear leat chómh luath agus a fhéadfhadh é". Géill Mairín do agus líon a mhála agus siúd chun bóthair leis agus é lán t-sásta leis féin.
Tháinig an Fóghmhar agus bhain an dreoilín a chuid arbhair. Chuimhnig Máire ar a raibh amuich aici agus chuir sí teactaire siar go tig an dreóilín. Bhí an dreoilín agus a chlann faoi lán t-seol(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Ruairc
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Randal Ó Muirthille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ballyvahallig Cross Roads, Co. Chorcaí