Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chomáin ferimeóir a chuid bó isteach maidin an chéad lae Bealtaine timcheall céud bliain ó shoin chun iad do chrú. Do ghlaoidh sé ar a mhnaoi chun cabhrú leis.
Fuaireadar dá bhuicéad gan dabht agus chuadar fútha agus má chuadar níor bhféidir leo aon déor bainne a fhágháil uatha. Cheapadar ar dúis gur scannradh éigin a bhí ar na buaibh.
Leagadar leo feadh tamaill agus chuadar fútha airís agus má chuadar b'é an chómh-sgéul acu é. Chaitheadar iad a fhágáilt annsan gan crú agus chuadar a' deunamh coigine. Bhí an sgéul chomh h-olc airís acu. Dá mbeidís a'casadh an bhairille ó shoin ní atharóchadh an barra.
Chaitheadar tabhairt suas agus iongnadh an domhain ortha. Cad fé ndeara ná tabharfadh na ba a mbainne dhóibh, nó ná atharóch an t-uachtar dóibh. D'iniseadar a' scéul do shean-chaillíoch a bhí sa tigh agus dubhairt sí leo a raibh aon fhios aca gur tógadh aon nídh as a' bhfeirm an maidin seo. Dubharadar nár fheadar fós. Chuaradar amach a' cuardach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí