Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ar an mbaile seo a d'iarraidh ualach móna, tímcheall trí fichid bliain ó shoin.
Ag teacht abhaile dhó do thuit an oidhche agus é tímcheall meadhon-slighe. Tímcheall a dó dheug a chlog agus é tímcheall míle o'n bhaile do thuit a chapall fé'n ualaigh agus ní fheadar sé cad a dheinfadh sé.
D'fhág sé an capall sínte agus do chuaidh sé thar nais a' glaoch ar chomharsain. Bhíodar 'na gcodladh agus d'eirigheadar agus chuadar leis. 'Nuair a shroiseadar a' capall bhí fear i gceann a chapaill. Ní fheadar do narbh é fear saoghalta ar dtúis é. D'oscailídear na tarraigh agus dubharadar leis a' bhfear a bhí i mbun a'chapall cabhrú leo agus an trucaill a shathadh siar 'nuair a bhí an capall scaoilte amach. Chuaidh a' trucaill agus an ualach siar mar a bheadh sop tuighe
Gabhadar a' capall agus már gabhadar do theip ortha í bhreith abhaile. Tháinig straidhn agus do chaitheadar í sgaoileadh amach airís. Tháinig uaigneas ar fear a' chapaill airís agus chaitheadar na comharsain dul abhaile 'na theannta. D'imthigh an fear eile ar ceal.- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí