Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pluaiseanna: "pits" do phrátaíbh
Spairt: Móin ná fuil tirim go leor fós. Bíonn sé amuigh ar an bportach.
Móin ladhra: Móin a deintear suas leis an láimh.
Móin t-sleáin: Móin a deintear suas le sleán.
Cogaríoch: Stróinséir i n-áit: duine go bhfuil curtha fé i n-áit ach ná rugadh ann.
Gleám (laimhe): Clabht le taobh na láimhe - cur i gcás a marbhú coinnín.
Ailic: Óise nach é an ailic é = nach é an "lob" é.
Buairtheáin: Cocannaí bó.; cuirtear ar bharra a' bhacúis iad.
Leás: Mar a bheadh bun bogha-cheatha sa speir; A leath is a leath idir bogha-cheatha agus scamaill; níos leithne ná bogha-cheatha.
Grinneal: "sub-soil"
Bodhrán:Rud i bhfoirm criathair agus tón croiceann ann is gan é pollta. Usáidtí é chun an arbhair do cháthadh.
Biorrach: Fásann sé ar phortach. Cuirtear ar cheann a' tighe é i leabaidh tuighe.
Seólthóirí diomhaoin: Samhail bád báidte a bhíonn amuigh ar a' bhfairrge a' seóltóireacht i n-aimsear stoirme mar rabhadh d'iascairíbh.
Druiste: Bíonn cearcal adhmaid ar a bharr agus an chuid eile deunta de snaitheach miotail (wire) i an mála. Usáidtear é chun gual agus raice a bhíonn ar barr na dtonn ar(leanann ar an chéad leathanach eile)