Scoil: Scoil na Móna Fliche (Moanflugh) (uimhir rolla 10272)
- Suíomh:
- An Muine Fliuch, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Deasmhumhnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na Móna Fliche (Moanflugh)
- XML Leathanach 003
- XML “Cailín Deas Crúite na mBó”
- XML “An Cnoicín Fraoigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dá bhfaghainn-se árd tighearnas na h-Éireann
A's éadacha síoga 'gus sróil
Dá bhfaghainn-se an bhainrioghan is aoirde
Dá bhfuil ar an dtalamh so beó
Dá bhfaghainn-se céad loingeas mar spré dhom
Píolátaí caisleáin agus ór
Do b'fhearr liom bheith bocht ar dhruim sléibhe
Ag cailín deas crúidhte na mbóMara bhfuil sé im'chomhair-se bheith taobh leis
An dé-bhruinneall dhílis úd fós
Is daoirseach dobrónach mo shaoghal so
Gan suairceas gan éifeacht gan treó
Ní bheidh sólás im'chroidhe-se ná im'intinn
Ná suaimhneas ceart oidhche ná ló
Go bhfeiceadh lem' thaobh ó n-a muinntir
An cailín deas crúidhte na mbó - An Cnuicín Faoigh
Maidin aoibhinn shuairc dom ar thaoibh Cnoc na Stuaice
A's mé ag féachaint soir ó thuaidh ar Árd na Binne Duibhe
Mar a mbíonn guth na cuaiche 'san faoileán ó'n gcuan ann
Ímpire agus uain ann dá leagadh age lucht grinn
Bíonn caoirigh geala 's uain ann laoigh agus na buaibh ann
Broc n-a luighe uainn ann agus fasc aige ó'n síon
Bean-tighe stuamdha 's í ag síor-gabháil uainte
Creididh uaim gurb' uaisle ná'n Cnuicín Fraoigh