Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 100

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 100
  3. XML “An Ridire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aon lá amháin bhí Conán Maol ag tabhairt aire do'n Ríghtheaghlach, b'é an fear ba mheasa a bhí ortha, níor airig sé pioc gur glaoidh bean uasal isteach cuighe.
    D'fhiafhruigh sí dhe an imireócadh sé cluiche cártaí lei agus dúbhairt sé go n-imireócadh, dúbhairt sí pé duine a bhuadhfhadh an cluich go gcaithfeadh sé rud a dhéanamh ar an nduine eile.
    Do bhíodar araon sásta leis an margadh, agus do thosnuigheadar ar na cártaí d'imirt agus ba ghairid an mhoill ar an mnaoi uasail an cluich do buachtaint ó Conán, do chomáin sí lei abhaile agus tar-éis tamaill rugadh Oscar agus ba mhór an bioránach ag teacht é.
    Nuair a éirig sé suas, bhí sé ag dul ar sgoil gach lá agus ba gairid go raibh sé na garsún luath láidir, Aon lá amháin bhí sé ag teacht abhaile ó'n sgoil agus d'éirig idir é féin agus an cuid eile de's na buachaillí, agus do thosnuigheadar ar báisteachán ar a chéile, glaodar "B - d" ar Oscar d'fhág Oscar ansan iad agus do rith sé abhaile agus nuair a chuaidh sé abhaile d'iarr sé ar a mháthair cé'r b'é a athair agus dúbhairt sí leis ná neosfadh sí do. Do fuair sé a claidheamh fé'n tocht sa leabaidh agus do croch sé é ar a aghaidh amach agus thuit cioth meirg as agus d'fhiafhraigh sé di ansan cé'r b'é a athair ach ní neosfadh sí dho é. Do croth
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Ristéard Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann