Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 121
- XML “An Beirt Amadán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triúr feirmeóirí ann fadó agus bhí féar trí cinn de bhuaibh aca, ag gach duine aca fé leith, ach bhí duine aca bocht agus ní raibh ach aon bó amháin aige agus bhíodh an beirt eile ag cur isteach air igcómhnuidhe.
Aon oidhche amháin do chuaidh sé a chodladh agus do mharbhuighdear an bhó, nuair a éirig sé ar maidin níor dhéin sé aon iongnadh de ach bhain sé an seithe dhe agus thug sé sé leis é go dtí an mhargadh. An fhaid a bhí sé ag dul ann do tháinig snag ináirde ar an seithe agus thosnuig sé á phiochadh, agus chuir an fear isteach na phóca é, agus chomáin sé leis go dtí an margadh agus dhíol sé an seithe ar a lán airgid.
Ansan chuaidh sé isteach i dtig tabhairne agus d'iarr sé an ndeoch agus dubhairt bean an tabhairne leis an go raibh 10d ar an ndeoch, agus dúbhairt sé léi go dtugann sí do dhaoine eile é ar 5d, agus dúbhairt sí ná tugann, agus d'fhiafhruig sí de cé d'innis do é agus dúbhairt sé go raibh éan 'na phóca aige agus go neosfadh sé gach rud do.
"An ndíolfá é?" ar sise "Ní dhéanfad ar seisean "Má thabharfadh céad púnt" ar sise, "Tá céad púnt le tabhairt air" ar sise. "Tá go maith" arsan fear agus d'imthigh sé leis féin abhaile agus a chéad púnt aige, agus bhí sé á cómhaireamh agus chonnaic an bheirt eile é, agus chuadar isteach agus d'fhiafhruigheadar do cá bhfuair sé an t- airgead, agus dúbhairt sé gur mhairbh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Gobnait Bean Uí Loinghsigh
- Inscne
- Baineann