Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an t-uisge beannuighthe agus sgian na láímhe duibhe agus díreach ar a dó dhéág a chlog san oidhche tháínig na capaill go léir amach agus do chroch sé an t-uisge ar an gcéad ceann agus dhein sé fáínne timcheall uirthi agus do sháidh sé sgian na láímhe duibhe sa capall agus do thairg sé an cailín anuas agus isteach abhaile leis agus bhí an iarlais ag teacht amach 'na choinnibh i bhfuirm caor teinntríghe agus bhí áthas mór ar an athair agus ar an máthair nuair a chonnacadar a cailín féín arís agus do bhíodar ana bhuidheach d'en seanbhean agus d'fhan sí ann ar feadh trí mí agus bhí saoghal breágh acha agus ansann do ghluais sí cun bhóthair airís, agus bhí an chailín ana mhaith chun oibre 'na dhiaidh san agus do thug sí isteach uisge glan agus nig sí na h-ártaí agus do sguab sí an tig gach oidhche.
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ua Laoghaire
- Inscne
- Fireann