Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann auir agus bhí aon mach amháin aici agus isé an ainm abhí air ná Seamuisín na nGort sgeadach. Buachall ana maith ab' eadh é agus bhíodh sé amuich gach aon lá ag tuilleamh a phág agus bhí na cómharsain ana bhuidheach do mar bhí se aireach.
Do bhí seana tig tamaillín ó'n dtig agus d'airíghtí ceól ana bhreágh sa tig go minic agus bhí dúil ag Seamuisín dul ag éisteach leis an gceól. D'éaluig sé ó'na mhátair oidhche agus d'imthig sé treasna na páirce fé dhéin an tíghe go mbídh na púcaí ann.
Nuair a bí sé ag teacht i gcómhgar an tíghe b'airighdear an ceól breágh agus stop sé ag éisteacht leis ar feadh tamaill. Druidh sé isteach agus bhí an tig lan go marra de daoine ana bheag go leór agus iad ag rinnce agus ag damhas agus ní fhéadfadh aoinne cimeád amach uata.
Isteach le Seamuisín agus d'fháiltigheadar roimis agus do thosnuig sé ag rinnce agus ag damhsa na dterannta ar feadh tamaill maith d'en oidhche. Dúbhradh leis sa deireadh go rabhadar ag dul ag lorg cailín chun í ghuid agus í thabhairt leó agus d'fhiafhruighdear do Seamuisín an raghadh sé in aon-feacht leó agus dúbhairt sé go raghadh mar bhí sé oireamhnach de gach aon t-saghas spóirt.
Amach leó agus do bhí capall breágh amuich thugadar capall do Shéamuisín agus dúbhradar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Ristéard Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann