Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 140
- XML “Féasta an Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)don tarbh. Tháinig sé abhaile agus dúbhairt (sé) an rígh leis dul go dtí na fathacha huaidh Chuaidh Conchúbhar agus trucaill agus capall agus bhí sé ag gearradh adhmaid agus á chaitheamh anuas ar thíghe na bhfathach.
Tháining fathach amach agus dúbhairt sé 'cad chuige dhuit a bheith ag caitheamh adhmaid ar mo thigh-se'. Chaith sé an capall anuas ar Chonchubhar. Chaith seisean an capall anuas arís, chaith an fathach an capall agus an trucaill chuige agus do léim Conchubar in airde air agus do rinne sé é go dtí gur mhairbh sé é. Tháinig an fathach eile amach agus d'imthig an rud ceadhna air, tháinig sé abhaile agus dúbhairt an rígh leis páirc do threabhadh ar bhruach na h-abhann ar maidin go luath agus do dhein sé é agus do tháinig capall mór amach as an abhainn agus bhí sé chun é ithe ach do léim sé uaidh agus dubhairt an rígh leis go bpósfadh sé a mháthair agus do phós Conchubhar an inghean.
Dómhnall Ua Murchadha
Rathua
74 bl. feirmeóir
Rathúnach
A athair Seán Ua Murchadha
52 bl. 46
Rathúnach
25.11.35- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ua Murcadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Rathúnach Thoir, Co. Chorcaí