Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó nuair a bhí triúr clainne na báird sgolóige ag lorg lóistín na hoidhche, bhí an oidhche ag tuitim agus ní raibh fhios aca cá raighidís.
Do bhuail fear ortha ar an mbóthar agus dubhairt go gcuirfeadh sé geall leo go raibh sé seana cníopaire na chómhnaidhe tamall uatha agus ná leogfadh sé isteach iad. Do ghluaiseadar leo go dtánadar go dtí an áit agus chuadar isteach agus dubhairt an fear istig leo “Cé hé sibhse?”, “Filí iseadh sinn” agus táimid ag lorg lóistín na h-oidhche. “Ní bhfaghaidh sibh lóistín anso” ar seisean “mara ndéanfaidh sibh bhéarsa an duine agaibh”. Bhí fear an tíghe ag ithe rómpa nuair a chuadar isteach. Dubhairt an chéad duine:-
(1) Tá bád ins an t-sáile marar cailleadh é
(2) Tá crann ubhall ins an ablórd marar gearradh é
(3) Tá feasóg ar Rígh Seoirse marar bearradh é
(4) Agus sgoiltidh fear an tíghe muna stopaidh sé.- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ua Scanaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach Thoir, Co. Chorcaí