Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 190
- XML “An Brúnach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí sé de bhéas ag us na mnáibh dul go dtí an t-aifreann ar cúlaibh na bhfhear, bhí fear darab’ ainim de Bhrún i nDrom-réidh agus ní thógfadh sé aon bhear ar chúlaibh mar ní thaitnfeadh sé leis a mhnaoi féin agus do dhein cómharsha na bhéarsaí seo:-
Ar maidin lae aonaigh lá Bealtaine
Ar theacht an Samhradh taithnmheach
Cé cídfinn im’ choinnibh ach an
Brúnach
Ar gilín breágh sleamhain buidhe
beathaighche
Ba chuma no prionnsa no dúic
No Fionn Mac Cúmhal an Farraire
Cailín na gcrúbh ar a cúlaibh
B’shin rud nár clú is nár cleachtadh do
II
Ach nuair tháinig an ainir ar ball
Is b’árdh é a glam is eascaine
Do stoladh caidhp dá ceann agus do buaileadh
Trí leabhair buille de brat uirthe
Tharraig sé sgían as a póca is de’n iallait
do dhein sé na leatarach
Do bhain as a bolg na putóga is do bhuail
fé na bhróig sa lathaig é.- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Corocra
- Inscne
- Baineann