Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún-dá-radharc
- XML Leathanach 022
- XML “Arán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sá t-sean-aimsir do dheineadh na daoine cístí de mincoirce nú de phlúr chruitneachtan nú de phrátaí. Do cuiridís an coirce isteach i malaí agus fagtaí n-aice na teine íad i gcionn seachtmhaine nú mar sin sar a meilidís é cun é do dhéanam cruiadh.
Deintí cístí de phrataí Stampaí an ainm a bhí ar na cístí sin achu. Do bhainidís an croiceann do na prataí ar dtúis agus annsan dheinidís íad do ghrátáil le gráta stáin. Deintí an taos do thirmuighadh le gráinne beag do phlúr. Bíodh teine bhréagh mhóna acu agus lichín beag ghlas ag seasamh ar aghaidh na teine amach. Dheinidís an císte do bháchail i gcoinnibh na lichín sin.
Deinti cístí eile de mhincoirce agus chuiridís íad le bacháil ar an ngreideall. Bhíodh an chíste á iompódh acu ó thaobh go taobh. Is é an rud an greideall na fráma déanta de iarrann agus ceithre cosa breaga fé agus líní beaga iarainn treasna. Ba é an ghabha a dheineadh an greideall.
Do chuiridís cros tré an gcíste i dtreó go raghadh teodacht na teine tríd agus cun é do bácháil i gceart.- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Drom Réidh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Iarfhlaithe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Seanbhaile Sheáin, Co. Chorcaí