Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún-dá-radharc
- XML Leathanach 025
- XML “An Reilig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)innte. Cuirtí a lán daoine ins na túmbaí fadó.
Sagart paróiste a bhí ar Cill-na-Martar agus ar Bhaile Mhúirne ón bliadhain 1800 anuas darb ainm an t-Athair Stafford is i dtúmb innte atá sé curtha. Thagadh a lán daoine go dtí a uaigh chun turasanna do dhéanamh mar chreididís go raibh leigheas san bhféar mór-thimcheall na h-uaighe. Tá a chloch cinn uaighe ar aghaidh aniar.
Na leanbhaí do cailleadh gan baisteadh bhíodh siad curtha i gcúinne do'n Reilg agus cuirtí iad go moch ar maidin. Cillíneach a tugtar ar áit mar sin.
Míle ar an dtaobh thiar dó'n Reilg tá "Lúibín na gCorp" agus nuair a bhíodh socraid ag teacht ó'n áird sin fadó leagtaí an cómhra ar bhárr leice a bhí i "Lúibín na gCorp" agus annsan tosnuigheadh na mná ag caoineadh go sroisidís an Reilg.
Is ins an Reilg seo a bhí séipéal na gCatoiliceach uair amháin, ach nuair d'éirigh na Protustúnaigh láidir leagadar é agus chuireadar suas ceann dóibh féin. Bhí an Ministéir na chómhnuidhe sa "Glebe" ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Bhuachalla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ráth Luíoch Theas, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Buachalla
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ráth Luíoch Theas, Co. Chorcaí