Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)

Suíomh:
Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Amhlaoibh Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 404

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 404

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 404
  3. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé an oidhche agus an lá ar mó sa bliain go bhfhuil piseóga ag baint leo ná oidhche agus lá Bealthaine agus tá mórán des na piseóga san le fághail ós na sean daoine fós beo cuid acu. Cúpla céad bliain ó thoin sar ar deineadh lasáin sé an rud a bhíodh ag na daoine cun a bpíopaí do lasadh ná sméaróidí dearga agus nuair a bhídís ag imeacht amach ag obair thógaidís leó sméaróid nó dhó istig i sáspan ach lá Bealthaine ní bheadh cead ag aoinne smearóid a thógaint amach as an dtig mar cheapaidís da dtógfá an sméaróid go dtógfá an rath go léir leis.
    Baineann an cuid is mó des na piseóga so le h-ím agus bainne agus seo ceann des na scealtha mar gheall ar ím. Bhí bean ann an uair sin agus í ag imteacht timcheall agus lámh an Land Lady aice agus an méid seó a rádh aice "lámh an Land Lady bailig an tím chúgham." Bí aon líon tighe amháin ann agus bhíodar scriosta aice agus ar deireadh nó fhéadfhaidís an cuigion do dhéanamh in aon chor. Cuireadh fios
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ua Tuama
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ráth Thoir, Co. Chorcaí