Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na GaiscídigDo bhí bean 'na comhnuidhe thiear ar an Inse Mhóir las thiar do Bhaile Mhuirne darb ainm Leán Ní Loinghsigh. Bhí sí pósta le fear de mhuinntir Murchadha ó Cloch-Adhnadh agus bhí spotín talaimh aige ann, ach briseadh iad agus ní raibh aon chapall aca. Do thug duine eígin mála mine ó Mágh-Cromtha chúice, is do thug sí an mála mine ó Poll na Bró go barra na Ráth-Únach. Do bhí a fear na theannta is do bhí an lá ana brothalach. "Ar m'anam a Leán" a dubhairt sé, "Go bfuilim cortha." "Ceid ort a speallaipín suidh anáírde anso ar mo mhála cúgham" ar sise ach in ionad é feín dul anáírde is amlaidh a caith sé a casóg anáírde ar. Rug sí an mála mór mine ar a drom leí go barra na faille.
- Bailitheoir
- Seán D. Ó Cruadhlaoich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Imill, Co. Chorcaí